Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Fíricí agus figiúirí i dtaobh struchtúr an Aontais Eorpaigh

Tíortha an Aontais Eorpaigh

In 1951 bhunaigh sé thír (an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír agus Lucsamburg) an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach. In 1958 tugadh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) air agus athraíodh a ainm go dtí an tAontas Eorpach in 1993.

I gcaitheamh na mblianta chuaigh 22 thír eile isteach leis na 6 Bhallstát bunaidh.

An 1 Feabhra 2020 d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach.

Faoi láthair tá 27 mBallstát ag an Aontas, mar aon le 24 theanga oifigiúla.

Ballstáit uile an Aontais i mbeagán focal

Léarscáileanna den Eoraip, mar a bhí agus mar atá

 

Tíortha a úsáideann an euro

Is é an euro airgeadra oifigiúil 20 Ballstát den Aontas. An limistéar euro a thugtar ar na tíortha sin le chéile.

Cad iad na tíortha ina n-úsáidtear an euro?

 

Na tíortha atá i limistéar Schengen

Ó bhí 1985 ann tá daoine agus gnólachtaí in ann taisteal agus oibriú i limistéar Schengen gan seiceálacha teorann. Thosaigh sé i Meitheamh 1985 le 5 thír. Inniu tá 25 thír de chuid an Aontais ann, chomh maith le 4 thír nach bhfuil san Aontas.

Ina theannta sin tá slándáil neartaithe ag tíortha Schengen ar an teorainn sheachtrach chomhchoiteann atá acu.

Buiséad agus caiteachas an Aontais

Úsáidtear céatadán d’ollioncam náisiúnta gach Ballstáit, mar aon le foinsí eile, chun buiséad an Aontais a mhaoiniú. Cinneann tíortha an Aontais méid an bhuiséid sin agus an dóigh a maoinítear é.

Is ó ‘acmhainní dílse’ (ar nós dleachtanna, tobhach, CBL agus ranníocaíochtaí náisiúnta) a thagann timpeall 98% de bhuiséad an Aontais. Is ó fhoinsí eile ioncaim a thagann an 2% eile d’ioncam an bhuiséid.

Sa bhuiséad fadtéarmach leagtar amach tosaíochtaí caiteachais agus teorainneacha caiteachais fadtéarmacha an Aontais. Maoiníonn an buiséad réimsí ar nós chur chun cinn na fostaíochta, forbairt réigiúnach, an t-oideachas, an taighde agus an comhshaol. Is iad an Coimisiún Eorpach, an Chomhairle agus an Pharlaimint a chinneann é le chéile. Is é an Coimisiún Eorpach atá freagrach as an mbuiséad a chaitheamh.

Buiséad fadtéarmach an Aontais

Buiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027 agus NextGenerationEU

Feisirí Pharlaimint na hEorpa

Tá 705 fheisire (FPE) i bParlaimint na hEorpa agus toghtar iad as gach ceann de 27 dtír an Aontais. Is téarma cúig bliana a bhíonn ag na FPEnna a thoghtar. Is ar bhonn ionadaíocht chionmhar a eagraítear na toghcháin agus tá líon na suíocháin bunaithe ar dhaonra gach tíre. Tionólann an Pharlaimint a cruinnithe coiste sa Bhruiséil agus a seisiúin iomlánacha sa Bhruiséil agus in Strasbourg. Is i Lucsamburg atá riarachán na Parlaiminte lonnaithe. Cuireann an Pharlaimint toscaireachtaí chuig tíortha lasmuigh den Aontas freisin.

Cuardaigh FPEnna de réir tíre

Dáileadh na suíochán de réir tíre

Dáileadh na suíochán de réir grúpa polaitiúil

Léarscáil idirghníomhach

An 30 Nollaig 2023 chomhaontaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh deireadh a chur leis na rialuithe teorann inmheánaí aeir agus farraige leis an mBulgáir agus leis an Rómáin. Cuirfidh an dá Bhallstát acquis Schengen i bhfeidhm go hiomlán ón 31 Márta 2024; ón dáta sin ar aghaidh, cuirfear deireadh leis na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha aeir agus farraige. Tar éis na chéad chéime sin, ba cheart don Chomhairle cinneadh eile a dhéanamh chun dáta a bhunú chun deireadh a chur le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha talún. 

An Chosaiv*: Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/99 agus Tuairim CBI ar dhearbhú neamhspleáchais na Cosaive.