Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Bí páirteach, bí idirghníomhach, bí ag vótáil san Aontas Eorpach

1 of 1

Do chearta – agus conas leas a bhaint astu

Más saoránach de thír den Aontas thú, is amhlaidh atá saoránacht an Aontais Eorpaigh agat, agus tá sé de cheart agat páirt ghníomhach a ghlacadh i saol polaitiúil an Aontais.

Cuir do thuairim in iúl

Déan beartais an Aontais a mhúnlú trí rannchuidiú le comhairliúcháin an Aontais maidir le tionscnaimh atá beartaithe ar an tairseach ‘Cloisimis uait’.

Déan do chuid smaointe a chomhroinnt ar an ardán ‘Réidh don Todhchaí’ le cuidiú chun an rómhaorlathas a laghdú agus dlíthe an Aontais atá ann cheana a dhéanamh níos simplí agus níos oiriúnaí don todhchaí.

An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Cuidigh chun clár oibre ceaptha beartas an Aontais a shocrú trí pháirt a ghlacadh sa Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Tugann sé sin deis duit iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a ullmhú maidir le ceist is cás leatsa agus a thagann faoi réim a chumhachtaí. Beidh ort a léiriú go bhfuil tacaíocht fhorleathan ann do do thionscnamh.

Nuair atá 1 mhilliún síniú bainte agus na híostairsigh i seacht mBallstát bainte amach ag tionscnamh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis na bearta is gá a dhéanamh, más ann dóibh.

Painéil Saoránach Eorpach

Is toradh rathúil iad na Painéil Saoránach Eorpach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tugann siad le chéile saoránaigh a roghnaítear go randamach ó gach ceann de na 27 mBallstát den Aontas chun plé a dhéanamh ar thograí atá le teacht agus chun moltaí a thabhairt don Choimisiún Eorpach le cur san áireamh agus a thionscnaimh bheartais agus reachtacha á sainiú.

Tuilleadh eolais ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach 

Toghcháin Eorpacha agus áitiúla

Féach leat an bealach chun clárú le vótáil nó seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin áitiúla agus Eorpacha, lena n-áirítear sa tír ina bhfuil cónaí ort más náisiúnach den Aontas thú agus cónaí ort i mBallstát eile. Faigh amach cad iad na coinníollacha is infheidhme.

Toghcháin Eorpacha 2024

Toghcháin Eorpacha agus áitiúla

Cuir achainí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa 

Féach leat cén chaoi le hachainí chuig Parlaimint na hEorpa maidir le beartas a bhaineann leis an Aontas agus a dhéanann difear duitse a thosú, a chur isteach agus tacú leis.

Prionsabal an ilteangachais

Nuair a dhéanann tú teagmháil go díreach le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus le comhlachtaí comhairleacha an Aontais freisin, tá tú i dteideal freagra in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.

Pobalbhreitheanna

Féach leat torthaí agus tátail phobalbhreitheanna Eorabharaiméadair ó 1974 go dtí an lá atá inniu ann. I bpobalbhreith chaighdeánach bíonn thart ar 1,000 agallamh duine le duine in aghaidh an Bhallstáit maidir le saincheist thráthúil a bhaineann leis an Aontas agus a dhéanann difear don phobal.

Seirbhís na bpobal fíorúil (SINAPSE) 

An saineolaí thú i gceapadh beartas agus rialachas an Aontais? Cláraigh le SINAPSE, ardán ar líne ar ar féidir leat pobail fhíorúla saineolaithe eile a chruthú nó páirt a ghlacadh iontu chun eolas faoi shaincheisteanna ceaptha beartas a mhalartú gan bhac. 

Comhairleoirí áitiúla

Leis an tionscadal ‘An Eoraip a thógáil i gcomhar le Comhairleoirí Áitiúla’, bailítear le chéile comhairleoirí atá tofa go háitiúil ó gach tír den Aontas agus cuidítear leo cumarsáid a dhéanamh leis na pobail áitiúla faoi ábhair a bhaineann leis an Aontas.

 

Tá tuilleadh eolais faoi do chearta mar shaoránach de chuid an Aontais le fáil sa Chonradh ar Feidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 18) agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha (Caibidil V).

Gailearaí na bhfíseán