Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Stair an Aontais Eorpaigh 2010-19

Deich mbliana de dhúshláin

Bhuail an ghéarchéim eacnamaíoch dhomhanda buile trom ar an Eoraip. In 2012, bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach. I ngeall ar chorraíl agus cogaí i dtíortha éagsúla, bhí ar go leor daoine teitheadh óna dtithe agus dídean a lorg san Eoraip. Is é an dúshlán a bhí roimh an Eoraip conas aire a thabhairt dóibh agus, san am céanna, a leas a chosaint agus meas a léiriú ar a gcearta. Bhí an t-athrú aeráide ag barr liosta tosaíochtaí an chláir oibre agus tháinig ceannairí ar chomhaontú chun astaíochtaí dochracha a laghdú. Tháinig an Chróit isteach san Aontas Eorpach in 2013 – an 28ú Ballstát. Ach i reifreann a reáchtáladh in 2016, vótáil an Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas Eorpach.

2010 – Chuaigh an Eoraip i ngleic leis an ngéarchéim airgeadais

Tar éis na géarchéime eacnamaíche a thosaigh in 2008, bhí deacrachtaí ag cuid mhór tíortha ó thaobh a gcuid airgeadais phoiblí. Thug na 16 Bhallstát a bhí ag úsáid an euro ag an am a dtacaíocht do phlean chun cuidiú leis na tíortha sin dul i ngleic lena gcuid easnamh sa bhuiséad. Chuidigh an tAontas Eorpach le cuid mhór tíortha aghaidh a thabhairt ar a gcuid deacrachtaí agus bhunaigh sé "an tAontas Baincéireachta" chun bainc níos sábháilte agus níos iontaofa a chinntiú.

10 Nollaig 2012 – Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach

Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach le linn searmanas bronnta in Osló. Aitheantas is ea an duais ar an gcion a bhí déanta ag an Aontas Eorpach le trí scór bliain chun an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn.

1 Iúil 2013 – Ba í an Chróit an 28ú Ballstát a tháinig isteach san Aontas Eorpach

Tháinig an Chróit isteach san Aontas Eorpach – an 28ú Ballstát.

Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh agus an dáta a tháinig siad isteach

* Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/99 agus Tuairim CBI ar dhearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Samhain 2015 ar aghaidh – Rinne sceimhlitheoirí ionsaithe san Eoraip

Rinneadh ionsaithe sceimhlitheoireachta i roinnt cathracha san Eoraip, Páras, an Bhruiséil, Nice, Beirlín, Londain agus Barcelona ina measc. Rinne an tAontas Eorpach agus na Ballstáit beart chun aghaidh a thabhairt ar gach gné den bhagairt sceimhlitheoireachta.

12 Nollaig 2015 – Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide

Ag comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe i bPáras, thug 195 thír comhaontú nua ar an athrú aeráide chun críche, agus bhí ról ríthábhachtach ag an Aontas sa bheart sin. Is éard atá ann plean gníomhaíochta chun teorainn a chur leis an téamh domhanda. le go mbeidh sé ‘i bhfad’ faoi bhun 2°C i gcomparáid leis na leibhéil réamhthionsclaíochta.

Nollaig 2015 – D’iarr breis is milliún duine tearmann san Eoraip

Faoi dheireadh 2015, tháinig breis is milliún iarrthóir tearmainn chun na Eorpa, cuid mhór acu ag teitheadh ón gcogadh cathartha sa tSiria agus cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu dá dhroim sin. Chuir ceannairí an Aontais Eorpaigh dlús leis na hiarrachtaí chun neartú a dhéanamh ar na rialuithe ar theorainneacha seachtracha agus líon na n-iarrthóirí tearmainn a laghdú tríd an gcomhar le stáit chomharsanachta ar nós na Tuirce.

23 Meitheamh 2016 – Vótáil an Ríocht Aontaithe i bhfabhar an tAontas Eorpach a fhágáil

I reifreann a reáchtáladh i mí an Mheithimh 2016, vótáil 52% de vótálaithe sa Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas Eorpach tar éis níos mó ná 40 bliain mar Bhallstát. D’imigh an Ríocht Aontaithe an 31 Eanáir 2020.

An caidreamh leis an Ríocht Aontaithe

Nollaig 2019 – I dtreo Eoraip aeráidneodrach

Tháinig méadú ar an imní a bhí ar mhuintir na hEorpa maidir faoin ngéarchéim comhshaoil. Gluaiseacht óige idirnáisiúnta a bhí ag fás agus ag dul i mbun gnímh ba chúis leis sin. Chuaigh Coimisiún nua i mbun oifige agus rún daingean aige an Eoraip a dhéanamh aeráidneodrach faoi 2050 le straitéis nua fáis, an Comhaontú Glas don Eoraip.