Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Europe Direct - freagraí ar do cheisteanna faoin Aontas Eorpach

Conas is féidir liom post a fháil i dtír Eorpach eile? Cuireadh m’eitilt ar ceal – cad iad na cearta atá agam? Cé na deontais de chuid an Aontais a dtig le m’eagras cur isteach orthu? An bhfuil sé sábháilte siopadóireacht a dhéanamh ar líne i dtír eile san Aontas Eorpach? An bhfuil aon rialacha de chuid an Aontais ann a ráthaíonn caighdeán ár mbia?

Seo cuid de na ceisteanna coitianta a bhíonn ag daoine faoin Aontas Eorpach. Is féidir linne iad a fhreagairt.

An méid a dhéanaimid

Is é an Coimisiún Eorpach a reáchtálann Ionad Teagmhála Europe Direct. Freagraímid ceist ar bith ón bpobal faoin Aontas Eorpach, ar an nguthán nó trí ríomhphost. Tá cainteoirí dúchais gach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais ar ár bhfoireann, chomh maith le cainteoirí Úcráinise agus Rúisise.

Is féidir linn

  • freagra a thabhairt láithreach ar cheisteanna ginearálta a bhaineann leis an Aontas Eorpach
  • cuidiú leat brabhsáil ar na leathanaigh gréasáin atá foilsithe ag institiúidí an Aontais Eorpaigh
  • eolas níos sonraí a aimsiú. Más gá, cuirfimid ceist ar shaineolaí sa Choimisiún Eorpach thar do cheann
  • sonraí teagmhála a thabhairt duit do na foinsí is fearr eolais agus comhairle breise
  • eolas a thabhairt duit atá cothrom le dáta agus ceart ó thaobh fíricí de, de réir chaighdeáin na státseirbhíse poiblí. Ní bhíonn ár bhfreagraí choíche ceangailteach ó thaobh dlí de, áfach.

Na nithe nach féidir linn a dhéanamh

Ar an drochuair, ní féidir le Europe Direct na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • gearáin/fadhbanna a chlárú ná a sheoladh ar aghaidh (ach is féidir linn an duine ar cheart duit teagmháil a dhéanamh leis a chur in iúl duit)
  • tuairimí a thabhairt faoi bheartais an Aontais
  • comhairle dlí a thabhairt ná dlíthe an Aontais a léirmhíniú duit
  • aon saincheist a láimhseáil nach bhfuil faoi shainchúram an Aontais
  • cabhrú leat do thuairimí polaitiúla faoi chúrsaí an Aontais a chur in iúl. Is féidir leat, áfach, do thuairimí a thabhairt faoi thograí sonracha de chuid an Aontais ar an suíomh gréasáin seo nó is féidir leat muid a leanúint agus do thuairimí a thabhairt ar na meáin shóisialta. Is féidir leat freisin tionchar a imirt ar bheartas an Aontais trí dhíospóireacht pholaitiúil phoiblí le do chuid ionadaithe tofa ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

Conas úsáid a bhaint as Europe Direct

Níl aon chostas ag baint lenár seirbhísí. Is féidir glao a chur orainn as áit ar bith san Aontas Eorpach saor in aisce ar 00 800 6 7 8 9 10 11. I bhfíorbheagán cásanna, ní cheadaíonn oibritheoirí teileafóin rochtain ar an uimhir sin, nó gearrann siad táille as. Sin an chúis gur féidir teacht orainn ar uimhreacha eile i ngach tír freisin.

Is féidir scríobh chugainn nó glao a chur orainn as áit ar bith ar domhan. Má tá tú ag cur glao orainn as áit lasmuigh den Aontas, íocfaidh tú gnáth-tháille an líonra. Is féidir leat glaonna a dhéanamh ar an idirlíon freisin.

Lasmuigh d’ár n-uaireanta oibre – laethanta oibre 9 a.m. go 6 p.m. Am Lár na hEorpa – is féidir leat teachtaireacht a fhágáil nó iarraidh orainn glao ar ais ort trí úsáid a bhaint as an bhfoirm seo.

De ghnáth, tugtar freagra ar fhiosrúcháin i scríbhinn laistigh de 3 lá. D’fhéadfadh sé go dtógfadh ceisteanna casta níos mó ama. Ar an meán, tugaimid freagra ar ghlaonna gutháin laistigh de 15 shoicind.

An Eoraip Agatsa

Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi do chearta praiticiúla faoi dhlí an Aontais agus, i gcásanna áirithe, comhairle dlí a fháil faoin gcaoi a mbíonn feidhm acu, ag An Eoraip Agatsa.